1 Is méanar don fhear nach ndearna a bhotún lena bhéal,agus nach gá dó bheith á chiapadh féin faoina pheacaí.
2 Is méanar don fhear nach ndaorann a chroí féin é,agus nár theip riamh ar a dhóchas.
3 Ní dual maoin don sprionlóir,agus cén mhaith sealúchas d'fhear na sainte?
4 An té a chnuasaíonn le barr cruatain, is ar mhaithe le daoine eile a chnuasaíonn sé,agus bainfidh daoine eile súp as a mhaoin.
5 Má bhíonn duine gortach leis féin, cé leis a mbeidh sé fial?ní bhainfidh sé sásamh fiú as a shaibhreas féin.
6 Ní sprionlaithe aon duine ná an té atá sprionlaithe leis féin,agus sin mar a dhéanann an urchóid díoltas a imirt air.
7 Má dhéanann sé an mhaith féin, is gan chuimhneamh éagus ar deireadh thiar sceitheann sé ar a choirpeacht.
8 Is olc é fear shúil an éada,agus é ag casadh a ghnúise i leataobh agus ag déanamh neamhaird dá phobal.
9 Téann súil fhear na sainte thar a chuid;déanann an éagóir choiriúil a anam a sheargadh.
10 Bíonn an drochshúil sprionlaithe ar an mbia,ach an bia sin ar iarraidh óna bhord.
11 A mhic, cuir cóir ort féin de réir mar a bhíonn agat,agus tabhair tabhartais go fiúntach don Tiarna.
12 Cuimhnigh air nach gcuirfear an bás ar cairde,agus nár nochtadh conradh Sheól duit.
13 Déan an mhaith do do chara roimh bás duit,sín do lámh chuige agus tabhair dó oiread agus is féidir leat.
14 Ná diúltaigh lá sona duit féin,agus ná lig tharat do chion den séan is tnúth leat.
15 Nach gcaithfidh tú toradh do shaothair a fhágáil ag duine eile;agus fómhar do chuid oibre a fhágáil le roinnt ar crainn?
16 Tabhair, beir leat, agus ceap do shuaimhneas;óir níl pléisiur le lorg i Seól.
17 Téann gach dúil bheo in aois mar bhrat,óir is é an conradh é ó anallód: “Níl dul as ón mbás agat.”
18 Mar chrann craobhach faoina dhuillí bláfara,a shileann cuid dóibh, ach a eascrann lena thuilleadh,- sé an dála céanna é ag glúine fola agus feola;cailltear glúin, beirtear glúin eile.
19 Téann lobhadh ar gach saothar agus imíonn sé ar ceal,agus imíonn fear a dhéanta ar shiúl mar aon leis.
20 Is méanar don fhear a mhachnaíonn ar an eagna,agus a dhéanann a chuid argóinte le dea-chiall;
21 An té a scrúdaíonn a bealaí ina chroí,déanfaidh sé a mhachnamh freisin ar a rúin;
22 Téigh sa tóir [ar an eagna] mar a dhéanfadh fiagaí,agus déan luíocháin uirthi ina cosáin.
23 An té a bhíonn ag gliúcaíl trína fuinneogaéistfidh sé freisin ag a doirse.
24 An té a théann chun lonnaithe i gcóngar a tí,déanfaidh sé pionna a bhotha a ghreamú ina fallaí.
25 Cuirfidh sé a bhoth suas lena haisagus beidh togha lóistín mar lóistín aige.
26 Cuirfidh sé a leanaí faoina dídean,agus beidh a champa faoina scáth.
27 Déanfaidh sí é a dhíonadh ón mbrothall,agus lonnóidh sé i lár a glóire.