Síorach 38 ABN

Leigheas agus Tinneas

1 Tabhair onóir don lia leis an onóir is dual dó de réir do ghá leis,mar is é an Tiarna a chruthaigh é.

2 Ón Té is Airde a thagann an leigheas,agus [is ionann é agus] tabhartas ón rí.

3 Tugann a ealaín ardú cinn don liaagus déantar iontas de i láthair na bhflatha.

4 Chum an Tiarna cógais as an gcré,agus ní bheidh drochmheas ag an eagnaí orthu.

5 Nach ndearna craobh de chrann uisce milis tráth,rud a chruthaigh a neart.

6 Thug sé ealaín do dhaoine,le go ndéanfaidís é a mhóradh ina éachtaí.

7 Leigheasann sé agus tógann an phian chun siúil le cabhair na gcógas;déanann an poitigéir oideas astu.

8 Ní bheidh clabhsúr go deo lena bhearta,agus leathann an tsláinte uaidh amach ar aghaidh na talún.

9 Nuair a bhíonn tú tinn, a mhic ó, na tagadh drochmhisneach ort;ach guigh chun an Tiarna agus leigheasfaidh sé thú.

10 Scoir de do lochtaí agus ná claon do ghéaga;glan do chroí ó gach peaca.

11 Ofráil túis agus cuimhneachán de mhin mhín,agus doirt ola ar d'íobairt de réir d'acmhainne.

12 Ansin fág faoin lia é, mar sé an Tiarna a chruthaigh é,agus ná himíodh sé uait óir tá gá agat leis.

13 Uaireanta is leo a bhíonn an séan,

14 Mar guífidh siadsan freisin chun an Tiarna,le go gcuirfeadh sé faoiseamh ar a gcumas,agus leigheas leis an mbeatha a chaomhnú.

15 An té a pheacaíonn i láthair a chruthaitheora,go dtite sé faoi chúram lia.

Caoineadh

16 Titeadh de dheora, a mhic ó, ar son an mhairbh,agus cuir ceann ar an gcaoineadh lena thaispeáint gur goirt é do chumha;cuir a chorp faoi chlár leis an ómós is dual dó,agus ná déan faillí ina uaigh.

17 Bíodh do ghol go goirt agus d'olagón géar;comhlíon an caoineadh mar is dual don mharbh,ar feadh lae nó dhó le heagla casaoide,agus ansin glac le sólás de bharr do bhróin;

18 Óir d'fhéadfadh bás a theacht ón mbrón,agus cuireann brón an chroí as don neart.

19 Maireann brón leis an donasagus goilleann saol ainnis ar an gcroí.

20 Ná scaoil an dólás isteach i do chroi,ach tiomáin chun siúil é, ag cuimhneamh duit ar do chríocha déanacha.

21 Ná déan dearmad de nach bhfuil filleadh i ndán;ní fhóireann tú ar an marbh, agus déanann tú díobháil duit féin.

22 “Cuimhnigh ar mo chinniúint; is mar sin a bheidh i do chás féin;inné mise, inniu tusa.”

23 Nuair a théann an marbh chun suain téadh a chuimhneachán chun suain chomh maith;glac le sólás ina thaobh nuair a imíonn an dé as.

Slite Beatha

24 Tá eagna an scríobhaí ag brath ar shaoire ó obair;an té atá ar bheagán cúraim, éireoidh sé eagnaí.

25 Conas a d'éireodh fear an chéachta eagnaí,agus gurb é sá an bhroid a ábhar maite,go seolann sé ba agus go mbíonn sé gafa ina mbun,agus gur eallach amháin a ábhar cainte?

26 Bíonn a chroí dírithe ar scríoba a threabhadh,agus é gafa le beathú a chuid beithíoch.

27 Mar an gcéanna le gach ceardaí agus máistir ceirde;bíonn sé ag obair leis de lá agus d'oíche;lucht greanta séalaí, bíonn gach duine díobh cíocrachchun gréasáin nua a cheapadh;caitheann sé a dhúthracht ag tarraingt íomhá beoga,agus sé a chúram an clabhsúr a chur ar a shaothar.

28 Sé an dála céanna é ag an ngabha ina shuí le hais a inneona,agus é díograiseach i mbun saothar iarainn;déanann an gal ón tine a chneas a ghríosadh,agus bíonn sé ag broic le teas ón sorn;tugann sé cluas do cheol an chasúir,agus a shúile ar ghréasán a shaothair;bíonn a chroí socair ar chlabhsúr a chur ar a chuid oibre,agus é cáiréiseach á maisiú go beacht.

29 Sé an dála céanna é ag an gcriadóir ina shuí le hais a shaothair,é ag casadh an rotha lena chosa,agus é gafa ar fad lena chuid oibre,agus gach rud a dhéanann sé tomhaiste go cruinn.

30 Brúnn sé an chré lena láimh,agus pasálann sé í faoina chosa;caitheann sé a dhúthracht le líomhadh agus snas,agus bíonn sé cáiréiseach ag glanadh an tsoirn.

31 Chuir siad seo go léir a muinín ina lámha,agus tá gach duine díobh oilte ina ghnó féin.

32 Gan iad, ní thógfaí cathair,ní bheadh áitreabh ná cónaí.

33 Ní bhítear á lorg ámh do chomhairle an phobail,ná ní bhíonn gradam acu sa chomhthionól;ní shuíonn siad i suí an bhreithiúnais,ná ní thuigeann siad breith na cúirte.

34 Ní bhíonn bua léinn ná breithiúnais acu,ná ní bhfaightear iad ag nathaireacht;ach is iad a dhaingníonn an chruinne ché,agus bíonn a nguí ag plé le cleachtadh a gceirde.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51