8 Téann flaitheas ó chine go cinede bharr éagóra, uabhair, agus airgid.
9 Céard a bhéarfadh éirí in airde ar an té nach bhfuil ann ach cré agus luaithreach?óir fiú i gcaitheamh a shaoil tagann faoina ionathar.
10 Déanann breoiteach fhada ceap magaidh den lia;an té is rí inniu, beidh a ré caite amárach.
11 Tar éis bháis do dhuine,gheobhaidh péisteanna, ainmhithe fiáine,agus cruimheanna é mar oidhreacht.
12 An Tiarna a thréigean is tosach ag uabhar an duine;óir bíonn a chroí scartha lena chruthaitheoir.
13 An peaca tús an uabhair,agus an té a chloíonn leis, sceithfidh a bhrocamas as;uime sin is ea a thug an Tiarna na trioblóidí aisteacha sa mhullach orthu,agus scrios sé glan amach iad.
14 Leag an Tiarna cathaoireacha na rialtóirí ar láragus chuir lucht na huirísle ina suí ina n‑áit.