1 Tabharfaidh eagna an duine umhail ardú cinn dó,agus cuirfidh ina shuí é i measc na gceannasach.
2 Ná mol duine ar son a scéimhe,agus ná bíodh an ghráin agat ar dhuine ar son a dhealraimh.
3 Is beag í an bheach ar an bpór sciathánach,ach milse na milse a fómhar.
4 Ná bíodh clóchas ort faoi d'éidí breátha,agus ná bíodh éirí in airde ort lá d'onóra,óir is iontach iad oibreacha an Tiarna,agus tá a oibreacha ceilte ar dhaoine.