28 Ná habair gur méanar d'aon duine roimh bhás dó;is trína chlann a aithneofar an duine.
29 Ná tabhair an saol mór abhaile leat,óir is líonmhar iad cleasa an duine ghlic.
30 Tá aigne an uaibhrigh mar an bpatraisc bhréige i gcliabh;agus tá sé ag faire na faille ort dála an spiaire.
31 Téann sé i luíochán agus déanann olc den mhaith;caithfidh sé asachán ar bhearta fiúntacha.
32 As sméaróid aonair, is iomaí spré a adhntar:agus bíonn an peacach i luíochán ag súil le fuil a dhoirteadh.
33 Seachain an coirpeach, mar tá an urchóid á beartú aige,le heagla go bhfágfadh sé aithis go brach ort.
34 Tabhair strainséar chun do thí, agus déanfaidh sé thú a shuaitheadh le tríoblóidí,agus a chur in earraid le do chlann.