5 Is iomaí rí a thug seal ina shuí sa deannach,agus an té nach raibh aird ag aon duine air, chaith sé an choróin.
6 Is iomaí rialtóir a fuair táir agus tarcaisne,agus cuireadh daoine táscúla faoi bhois daoine eile.
7 Ná lochtaigh roimh iniúchadh a dhéanamh;déan do mhachnamh ar dtús, agus ansin ceartaigh.
8 Ná tabhair freagra gan an scéal a chlos;ná cuir isteach ar dhuine i lár a chuid cainte.
9 Ná bí ag aighneas faoi ghnó nach mbaineann leat;agus ná suigh le peacaigh agus iad i mbun breithiúnais.
10 A mhic, ná tarraing an iomad cúraimí ort féin;má mhéadaíonn tú ar líon do ghnóthaí, beidh tú síos leis;má dhéanann tú tóraíocht, ní bhfaighidh tú greim;má theitheann tú, ní éalóidh tú.
11 Fear an tsaothair, na fuirse, agus na deifre,níl aige dá mbarr ach a bheith níos mó chun deiridh.