7 Ná lochtaigh roimh iniúchadh a dhéanamh;déan do mhachnamh ar dtús, agus ansin ceartaigh.
8 Ná tabhair freagra gan an scéal a chlos;ná cuir isteach ar dhuine i lár a chuid cainte.
9 Ná bí ag aighneas faoi ghnó nach mbaineann leat;agus ná suigh le peacaigh agus iad i mbun breithiúnais.
10 A mhic, ná tarraing an iomad cúraimí ort féin;má mhéadaíonn tú ar líon do ghnóthaí, beidh tú síos leis;má dhéanann tú tóraíocht, ní bhfaighidh tú greim;má theitheann tú, ní éalóidh tú.
11 Fear an tsaothair, na fuirse, agus na deifre,níl aige dá mbarr ach a bheith níos mó chun deiridh.
12 Tá ainniseoir eile ann agus cabhair á lorg aige;tá neart de dhíth air, agus an bhochtaine ar snámh air;ach tá súil an Tiarna air le gnaoi,agus ardaíonn sé é as clais na hainnise,
13 Agus tugann sé ardú cinn dó,rud a chuireann alltacht ar a lán.