2 Tiocfaidh sí ina airicis ar nós máthar,agus glacfaidh sí chuici é mar a dhéanfadh maighdean brídeoige.
3 Cothóidh sí é le harán na tuisceana,agus tabharfaidh sí uisce na heagna dó le hól.
4 Beidh sí mar thaca aige agus ní thitfidh sé;beidh a mhuinín aige aisti agus ní náireofar é.
5 Ardóidh sí os cionn a chomharsana é,agus tabharfaidh sí bua na cainte dó i láthair an chomhthionóil.
6 Gheobhaidh sé aoibhneas agus barr áthais uaithi,agus bainfidh sé clú buanmharthanach amach mar oidhreacht.
7 Ní bhfaighidh daoine éaganta aon ghreim uirthi,ná peacaigh aon radharc uirthi.
8 Is fada i gcéin í ón uabhar,agus ní chuimhneoidh lucht an éithigh choíche uirthi.