9 Ní oireann laoi mholta i mbéal peacaigh,mar ní ón Tiarna a seoladh í.
10 Tá moladh le reacadh le heagna,agus sé an Tiarna atá lena chur sa siúl.
11 Ná habair: “Sé an Tiarna faoi deara mé a dhul ar seachrán,”mar ní dhéanann sé an ní is fuath leis.
12 Ná habair: “Eisean a chuir amú mé,”mar níl aon ghnó aige den pheacach.
13 Is gráin leis an Tiarna gach truaillitheacht,agus is fuath iad leo siúd ar a bhfuil a eagla.
14 Eisean a chruthaigh an duine i dtús baire,agus a d'fhág é faoi stiúir a chomhairle féin.
15 Más áil leat é, is féidir duit na haitheanta a choimeád,agus ort féin atá sé ag brath a bheith dílis.