1 Ná bí ag tnúth le slua leanbh gan mhaith,agus ná cuireadh clann mhac éagráifeach lúcháir ort.
2 Má théann siad i líonmhaire, ná cuiridís lúcháir ort,mura bhfuil eagla an Tiarna orthu.
3 Ná cuir do mhuinín as fad saoil dóibh,agus ná bí ag brath ar a líon,óir is fearr duine aonair ná míle,agus is fearr bás gan leanbh ná a bheith beo le clann éagráifeach.
4 Óir líonfaí cathair le síol aon duine amháin eagnaí,ach d'fhágfadh treibh choirpeach ina fásach í.