10 Ná don sé chéad míle troitheach,a dhlúthaigh le chéile le barr croídháine.
11 Mura mbeadh ann ach aon duine amháin ceanndána,ba ionadh dá rithfeadh leis gan phionós;mar tá trócaire agus fearg le chéile i seilbh [an Tiarna],agus is tréan é le maitheamh agus le fearg a dhoirteadh amach.
12 Is mór í a thrócaire ach is mór í a dhéine chomh maith,tugann sé breith ar gach duine de réir a oibreacha.
13 Ní éalóidh an coirpeach lena chreach,ná ní rachaidh foighne an fhíréin amú;
14 Beidh a áit féin ag gach beart trócaireach;déanfar cúiteamh le gach duine de réir a oibreacha.
15 (Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn i dtreo nár aithin sé é,i dtreo go mba eol a oibreacha faoi stua na spéire.
16 Nochtann a thrócaire í féin don chruthaíocht uile;roinn sé a sholas agus a dhorchadas ar dhaoine.)