16 Nochtann a thrócaire í féin don chruthaíocht uile;roinn sé a sholas agus a dhorchadas ar dhaoine.)
17 Ná habair: “Rachaidh mé i bhfolach ón Tiarna;cé a chuimhneoidh orm ansiúd thuas?Ní thabharfar faoi deara mé i slua chomh mór leis seo;céard é mise sa chruthaíocht gan teorainn?”
18 Féach, crithfidh an spéir agus spéir na spéartha,an duibheagán agus an talamh nuair a dhéanfaidh sé fiosrú.
19 Tagann creathán agus suaitheadh ar na sléibhte freisin agus ar uaithní na cruinne,nuair a fhéachann sé orthu.
20 Níl aon duine le machnamh ar na nithe seo ina chroí,agus cé tá le scrúdú a dhéanamh ar a bhealaí?
21 Dála an ghála atá dofheicthe ann féin,tá formhór a ndéanann sé i bhfolach.
22 “Cé a fhógróidh bearta na córa?cé a fhanfaidh leo? mar is fada uainn an conradh.”