20 Níl aon duine le machnamh ar na nithe seo ina chroí,agus cé tá le scrúdú a dhéanamh ar a bhealaí?
21 Dála an ghála atá dofheicthe ann féin,tá formhór a ndéanann sé i bhfolach.
22 “Cé a fhógróidh bearta na córa?cé a fhanfaidh leo? mar is fada uainn an conradh.”
23 Sin mar a mheasann an té atá ar bheagán tuisceana,an fear gan chiall gan stiúir ar baoth iad a smaointe.
24 Éist liom anois, a mhic, agus faigh greim ar an eolas;tabhair aird go cruinn ar mo bhriathra.
25 Déanfaidh mé teagasc a dháileadh go tomhaiste,agus eolas a fhógairt go beacht.
26 Nuair [a chruthaigh] Dia a oibreacha i dtús báireroinn sé orthu a bpáirteanna a luaithe a chum sé iad.