5 Is iomaí ní den sórt sin a chonaic mé le mo shúile cinn,agus is éachtaí fós ná iad a bhfuil cloiste ag mo chluais.
6 I gcomhthionól peacach lasfar tine,agus i gcine easumhal adhnadh fraoch feirge.
7 Níor mhaith sé do na fathaigh anallód,nuair a rinne siad ceannairc le teann nirt.
8 Ní dhearna sé anacal ar chomharsana Lót,mar bhí an ghráin aige orthu de bharr a n‑uabhair.
9 Ní raibh trua aige don chine a raibh scrios i ndán dóibh,agus a milleadh trína gcionta féin;
10 Ná don sé chéad míle troitheach,a dhlúthaigh le chéile le barr croídháine.
11 Mura mbeadh ann ach aon duine amháin ceanndána,ba ionadh dá rithfeadh leis gan phionós;mar tá trócaire agus fearg le chéile i seilbh [an Tiarna],agus is tréan é le maitheamh agus le fearg a dhoirteadh amach.