1 Ní éireoidh oibrí meisciúil saibhir choíche;an té a dhéanann faillí i nithe beaga, titfidh sé beagán ar bheagán.
2 Cuireann fíon agus mná saoithe amú;éiríonn fear taithithe meirdreach an-mhínáireach.
3 Beidh sé mar oidhreacht ag brocamas agus ag cruimheanna;agus an té atá gan náire, caillfear é.
4 Duine gan stuaim an té a chuireann a mhuinín i ndaoine ar an toirt;an té a dhéanann peaca, déanann sé díobháil dó féin.
5 An té a dhéanann lúcháir faoin [olc], daorfar é,(ach an té a dhiúltaíonn don phléisiúr, cuireann sé coróin ar a shaol;