11 Bíonn an daoi in íona le scéal a chloiseann sémar a bhíonn bean i mbreith clainne.
12 Mar a bheadh saighead i bhfeoil na ceathrún,sin mar atá scéal i mbolg an daoi.
13 Cuir ceist ar chara; b'fhéidir nach ndearna sé aon ní;ach má rinne sé aon ní, ná déanadh sé go deo arís é.
14 Cuir ceist ar do chomharsa; b'fhéidir nár dhúirt sé aon ní;ach má dúirt sé é, ná habradh sé arís é.
15 Cuir ceist ar chara, mar is minic gur tromaíocht é;ná creid, más ea, gach a gcloisfidh tú.
16 D'fhéadfadh duine botún a dhéanamh agus nach dá dheoin é;cé nach ndearna peaca riamh lena theanga?
17 Cuir ceist ar do chomharsa roimh bagairt air;agus fág faoi dhlí an Té is Airde a chúrsa a rith.