18 (Tús a chneastachta, eagla an Tiarna;agus gnóthaíonn an eagna a ghrá.
19 Oiliúint chun na beatha is ea eolas ar aitheanta an Tiarna;an mhuintir a dhéanann a réir bailíonn siadcnuas de chrann na neamhbhásmhaireachta.)
20 Sé is iomlán na heagna ann ná eagla an Tiarna;agus níl san eagna ar fad ach comhlíonadh an dlí (agus eolas ar a uilechumhacht;
21 An searbhónta a deir lena mháistir: “Ní dhéanfaidh mé mar is áil leat,”cuireann sé fearg ar fhear a chothaithe fiú má dhéanann sé é ina dhiaidh sin).
22 Ní eagna é eolas ar an gcoirpeacht,ná níl ciall mar a mbíonn peacaigh i gcomhairle.
23 Tá clisteacht ann atá granna;is amadán an té atá gan eagna.
24 Is fearr a bheith ar bheagán céille agus ar mhórán eagla,ná bheith lán d'éirim, ach bheith ag briseadh an dlí.