21 An searbhónta a deir lena mháistir: “Ní dhéanfaidh mé mar is áil leat,”cuireann sé fearg ar fhear a chothaithe fiú má dhéanann sé é ina dhiaidh sin).
22 Ní eagna é eolas ar an gcoirpeacht,ná níl ciall mar a mbíonn peacaigh i gcomhairle.
23 Tá clisteacht ann atá granna;is amadán an té atá gan eagna.
24 Is fearr a bheith ar bheagán céille agus ar mhórán eagla,ná bheith lán d'éirim, ach bheith ag briseadh an dlí.
25 Tá clisteacht ann atá beacht, gan a bheith cóir;agus tá an sórt duine ann a bhaineann feidhm as comaoin le breith a fháil ina fhabhar.
26 Tá coirpeach ann a ghabhann thart cromtha mar dhea le dólás,ach atá lán de chalaois laistigh.
27 Cuireann sé folach ar a aghaidh, agus ligeann air a bheith bodhar,agus nuair nach mbíonn súil leis, faigheann sé an buntáiste ort.