27 Cuireann sé folach ar a aghaidh, agus ligeann air a bheith bodhar,agus nuair nach mbíonn súil leis, faigheann sé an buntáiste ort.
28 Agus má theipeann air peaca a dhéanamh cheal cumais,déanfaidh sé an t‑olc nuair a gheobhaidh sé an fhaill air.
29 Is féidir duine a aithint ar a chuntanós;agus is féidir fear tuisceanach a aithint ar dhealramh a cheannaithe.
30 Insíonn éadach duine agus a gháire leathan,agus a chéim siúil, cén sort é.