3 Beidh sé mar oidhreacht ag brocamas agus ag cruimheanna;agus an té atá gan náire, caillfear é.
4 Duine gan stuaim an té a chuireann a mhuinín i ndaoine ar an toirt;an té a dhéanann peaca, déanann sé díobháil dó féin.
5 An té a dhéanann lúcháir faoin [olc], daorfar é,(ach an té a dhiúltaíonn don phléisiúr, cuireann sé coróin ar a shaol;
6 An té a smachtaíonn a theanga, mairfidh sé gan bhuaireamh)agus an té ar beag leis béadán, seachnaíonn sé an t‑olc.
7 Ná scaoil scéal,agus ní baol duit;
8 Ná hinis do chara ná do namhaid é,agus ná foilsigh é, muran peaca a mhalairt.
9 Óir chloisfeadh duine éigin thú, agus bheifí ag faire ort,agus, in am trátha, thabharfaí fuath duit.