1 A mhic, má thugann tú faoi sheirbhís a dhéanamh don Tiarna,ullmhaigh thú féin chun cathú a sheasamh.
2 Bíodh croí ionraic buanseasmhach ionat,agus ná bí buartha in am na hanachana.
3 Cloígh leis [an Tiarna] agus ná himigh uaidh,agus tabharfar onóir duit ag deireadh do shaoil.
4 Cibé cor a thabharfar ort, ná diúltaigh dó;agus bí foighneach fadaraíonach má thugtar isliú céime duit.