3 Cloígh leis [an Tiarna] agus ná himigh uaidh,agus tabharfar onóir duit ag deireadh do shaoil.
4 Cibé cor a thabharfar ort, ná diúltaigh dó;agus bí foighneach fadaraíonach má thugtar isliú céime duit.
5 Óir tástáiltear ór sa tine;agus tástáiltear daoine tofa i bhfoirnéis an anró.
6 Bíodh muinín agat as an Tiarna agus fóirfidh sé ort;déan díreach do chuid bealaí agus cuir do dhóchas ann.
7 Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bígí ag tnúth lena thrócaire;ná hiompaígí i leataobh ar eagla go dtitfeadh sibh ar lár.
8 Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bíodh muinín agaibh as;agus ní cheilfear bhur luach saothair oraibh.
9 Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bígí ag súil leis an maith,agus le haoibhneas síoraí agus trócaire.