6 ná faigheadh craos ná drúis an lámh in uachtar orm,agus ná fág mé faoi anam gan náire.
7 Éistigí, a chlann ó, le teagasc faoin teanga;an té a choimeádfaidh é, ní bhéarfar amuigh air choíche.
8 Titeann an peacach i ngaiste a theanga,agus is ceap tuisle í don aithiseach agus don uaibhreach.
9 Ná téadh do bhéal i dtaithí na mionn,agus na bíodh ainm an Té is Naofa de shíor ar do theanga.
10 An daorán a bhíonn de shíor á fhairení bhíonn sé saor ó riastaí;is é an dála céanna é ag an té a thugann mionna agus a ghlaonn ar an ainm gan stad,ní ghlanfar é ón bpeaca.
11 Líonfar le hurchóid fear tabhartha a lán mionn;ní fhágfaidh an sciúirse a theaghlach;má pheacaíonn sé, fanfaidh a pheaca air;má mhionnaíonn sé gan ábhar, déanfaidh sé peaca faoi dhó;má thugann sé mionn éithigh, ní fhíréanfar é,mar líonfar a theach le hainnise.
12 Tá nós cainte ann ar a bhfuil aibíd an bháis;ná faightear go deo é in oidhreacht Iacóib!fanfaidh an dream diagaithe i bhfad i gcéin uaidhsean,agus ní shiúlfaidh siad go glúine i bpeacaí.