1 [Is geal le mo chroí trí nithe,agus is geal le Dia agus le daoine iad]- tuiscint idir deartháireacha, cairdeas idir comharsana,agus lánúin a mhaireann go sona sásta lena chéile.
2 Tá trí shórt duine is fuath le mo chroí,agus is mór mar a ghoilleann a saol orm- bochtán a bhorrann le huabhar, bréagaire saibhir,agus adhaltranach aosta gan chiall.
3 Mura ndearna tú cnuasach i d'óige,conas a gheobhaidh tú aon ní i do sheanaois?
4 Nach breá é an dea-bhreithiúnas ó chinn liatha,agus dea-chomhairle á tabhairt ag liatha!
5 Nach breá í eagna na sean,agus tuiscint agus comhairle ó lucht an ghradaim!
6 Coróin na seanaoise taithí fhairsing,agus eagla an Tiarna ábhar a maite.