18 Caitheann a fear a chuid lena chomharsana,agus bíonn ag osnaíl go goirt [gan focal as].
19 Ní mór an ní is fiú aon urchóid go hurchóid mná;go dtite crann an pheacaigh uirthi!
20 Is cuma fear ciúin ag plé le cabaire mnánó cosa an tseanduine ag dréim le dumhach gainimh.
21 Ná cuireadh scéimh mná cluain ort,agus ná bíodh dúil agat i mbean ar son a [maoine].
22 Gabhann drochmhianach agus easumhlaíocht agus aithis leismá chothaíonn bean a céile.
23 Drochmhisneach, gnúis ghruama, agus croí briste,- sin iad na nithe a thugann drochbhean chun críche;lámha gan fhuinneamh agus glúine laga,bean nach gcuireann lúcháir ar a fear is cúis leo.
24 Ó bhean a tháinig tús an pheaca,agus is dá barr a gheobhaidh an uile dhuine bás.