2 Tá trí shórt duine is fuath le mo chroí,agus is mór mar a ghoilleann a saol orm- bochtán a bhorrann le huabhar, bréagaire saibhir,agus adhaltranach aosta gan chiall.
3 Mura ndearna tú cnuasach i d'óige,conas a gheobhaidh tú aon ní i do sheanaois?
4 Nach breá é an dea-bhreithiúnas ó chinn liatha,agus dea-chomhairle á tabhairt ag liatha!
5 Nach breá í eagna na sean,agus tuiscint agus comhairle ó lucht an ghradaim!
6 Coróin na seanaoise taithí fhairsing,agus eagla an Tiarna ábhar a maite.
7 Ritheann naoi smaoineamh liom a chuireann gliondar ar mo chroí,agus tá an deichiú ceann ar bharr mo theanga:fear ar a gcuireann a chlann lúcháir,fear a mhaireann le turnamh a naimhde a fheiceáil;
8 Is aoibhinn don fhear a dhéanann aontíos le bean chiallmhar,agus nach ndearna botún ina chaint,agus nach ndearna seirbhís do dhuine níos táire ná é;