20 Is cuma fear ciúin ag plé le cabaire mnánó cosa an tseanduine ag dréim le dumhach gainimh.
21 Ná cuireadh scéimh mná cluain ort,agus ná bíodh dúil agat i mbean ar son a [maoine].
22 Gabhann drochmhianach agus easumhlaíocht agus aithis leismá chothaíonn bean a céile.
23 Drochmhisneach, gnúis ghruama, agus croí briste,- sin iad na nithe a thugann drochbhean chun críche;lámha gan fhuinneamh agus glúine laga,bean nach gcuireann lúcháir ar a fear is cúis leo.
24 Ó bhean a tháinig tús an pheaca,agus is dá barr a gheobhaidh an uile dhuine bás.
25 Ná lig le huisceagus ná scaoil le teanga drochmhná.
26 Mura ndéanann sí rud ort,scar léi.