13 Is geal le fear grástúlacht a mhná,agus cuireann a cuid eolais saill ar a chnámha.
14 Bronntanas ó Dhia bean ar bheagán focal;ní féidir luach a chur ar mheon dea-mhuinte.
15 Tabhartas ar thabhartas bean mhodhúil;ní féidir aigne gheanmnaí a mheá mar is dual.
16 Mar an ghrian ag éirí de dhroim sléibhte an Tiarna,is mar sin atá ag áille dea-mhná i dteach dea-riartha.
17 Mar an choinneal ag taitneamh ar an gcoinnleoir naofa,is mar sin atá ag ceannaithe áille ar cholainn chórach.
18 Mar cholúin órga ar bhonn airgid,is mar sin atá cosa dea-chumtha ar [sháile] daingine.
19 (Caomhnaigh bláth d óige, a mhic ó,agus ná caith do neart le coimhthígh.