20 Cuardaigh an machaire go léir le haghaidh ghoirt thorthúil;cuir do shíol féin ann, le barr muiníne as feabhas do phóir.
21 Mairfidh do shliocht ar an gcuma sin,agus rachaidh méadú orthu le bród as a ndúchas fónta.
22 Meas priosla a bhíonn ar striapach,ach is túr básaithe dá lucht suirí an bhean dhleathach.
23 Tugtar bean aindiagaithe mar chuid do choirpeach,ach bean chráifeach don fhear arb eagal leis an Tiarna.
24 Ní théann stad ar an mbean mhínaireach ó bhearta náireacha;ach bíonn an iníon gheanmnaí cúthail fiú lena fear céile féin.
25 Ní bhíonn ach meas madra ar bhean cheanndána,ach bíonn eagla an Tiarna ar bhean na náire.
26 Is eagnaí le cách an bhean a bhfuil meas aici ar a fear:ach an té a bhfuil drochmheas aici air le barr uabhair, is éagráifeach í dar le cách;is méanar do chéile na dea-mhná, mar méadófar líon a bhlianta faoi dhó.