26 Is eagnaí le cách an bhean a bhfuil meas aici ar a fear:ach an té a bhfuil drochmheas aici air le barr uabhair, is éagráifeach í dar le cách;is méanar do chéile na dea-mhná, mar méadófar líon a bhlianta faoi dhó.
27 Clabaire béalscaoilteach mná, is geall le trumpa í á shéideadh le ruathar a thabhairt faoin namhaid;agus aon fhear faoin gcuing léi, caitheann sé a shaol i mbuaireamh an chogaidh.)
28 Cuireann dhá ní buairt ar mo chroí, agus cuireann an tríú ní fraoch feirge orm:curadh á shnoí le bochtaine,drochmheas ar lucht éirime,agus fear ag casadh ón bhfíréantacht ar ais ar an bpeaca- déanfaidh an Tiarna an té sin a choiriú do bhás le faobhar claímh.
29 Is deacair don cheannaí an éagóir a sheachaint,agus ní shaorfar an mangaire ón bpeaca.