4 Más bocht saibhir é, bíonn a chroí go sona sasta;agus bíonn aoibh an gháire ar a bhéal i gcónaí.
5 Tá trí nithe ann a chuireann scanradh croí orm,agus cuireann an ceathrú ceann scéin orm -cúlghearradh sa chathair, daoscarshlua ag tionól,agus daoradh san éagóir - is measa iadsan go léir ná an bás:
6 Ach nuair a bhíonn bean in éad le bean eile, bíonn briseadh croí agus brón;agus fógraíonn lasc na teanga don saol é.
7 Cuing damh nach luíonn i gceart is ea drochbhean;is cuma lámh a leagan uirthi nó greim a bhreith air scairp.
8 Is mór an t‑ábhar feirge bean ar meisce;ní cheilfidh sí a náire.
9 Léitear ainmhian mná ina súile drúisiúla,agus aithnítear í ar a fabhraí fiara.
10 Bíodh faire dhian ar iníon cheanndána,nó, nuair a bheidh cead a cinn aici,bainfidh sí feidhm dhíobhálach as.