1 An té a imríonn díoltas, imreoidh an Tiarna díoltas air,mar coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí.
2 Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé,agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.
3 Má choimeádann duine olc istigh do dhuine eile,conas is féidir leis leigheas a lorg ar an Tiarna?
4 Mura ndéanann sé trócaire ar dhuine cosúil leis féin,conas is féidir leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin?
5 Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath;cé a mhaithfidh a pheacaí dó?