11 Adhnann aighneas tobann tine,agus doirteann achrann mire fuil.
12 Séid an sméaróid, agus lasfaidh sí;caith seile uirthi agus múchfaidh sí;as do bhéal amach a thagann siad araon.
13 Léan ar an gcúlchainteoir agus ar an gcladhaire;mar is iomaí duine de lucht na síochána a scrios sé.
14 Rinne an [tromaíocht] a lán a shuaitheadh,agus a scaipeadh ó náisiún go náisiún;scrios sí cathracha daingne,agus leag ar lár teaghlaigh na dtréan.
15 Thiomáin an [tromaíocht] mná cróga ar shiúlagus d fhág iad gan luach a saothair.
16 Ní bheidh suaimhneas ag an té a thabharfaidh cluas di;ná ní chuirfidh sé faoi go síochánta.
17 Fágann buille den lasc riasta,ach briseann léasadh teanga na cnámha.