18 Is iomaí duine a thit le faobhar claímh,ach is mó ná sin a thit le faobhar teanga.
19 Is méanar don té a díonadh uirthi,nár tháinig faoina cuthach,nár iompair a cuing,agus nár cuibhríodh faoina geimhle.
20 Óir is cuing iarainn a cuingagus is geimhle cré-umha a geimhle;
21 Anbhás an bás a imríonn sí,agus is fearr Seól ná í.
22 Ní bhfaighidh sí smacht ar na fíréin,ná ní dhófar iad ina tine.
23 An mhuintir a thréigfidh an Tiarna, titfidh siad inti;bladhmfaidh sí ina measc agus ní mhúchfar í;scaoilfear fúthu í mar a dhéanfaí leon,agus bascfaidh sí iad mar a dhéanfadh liopard.
24 Cuir fál droighin timpeall d fháltais,agus cuir do chuid airgid agus óir faoi ghlas i dtaisce.