5 Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath;cé a mhaithfidh a pheacaí dó?
6 Cuimhnigh ar do chríoch dheireanach, agus scoir den fhuath;cuimhnigh ar an scrios agus an bás, agus mair de réir na n‑aitheanta.
7 Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bíodh olc agat do do chomharsa;cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde, agus ná tóg ceann den aineolas.
8 Seachain an t‑achrann agus is lú peaca a dhéanfaidh tú:óir adhnann fear drochmhianaigh achrann.
9 Cothaíonn an fear peacúil aighneas idir cairde,agus síolann eascairdeas idir lucht síochána.
10 De réir meid an chonnaidh is ea a bheidh an béileach,agus de réir chruas an chomhraic a bheidh an bhladhm;de réir neart an fhir a bheidh a chuthach,agus méadóidh ar a fhearg, de réir a mhaoine.
11 Adhnann aighneas tobann tine,agus doirteann achrann mire fuil.