1 Tugann fear na trócaire a dhéanamh iasacht dá chomharsa,agus an té a thugann lámh chúnta dó, comhlíonann sé na haitheanta.
2 Tabhair iasacht do do chomharsa in am a ghátair,agus arís tabhair ar ais don chomharsa in am trátha.
3 Déan beart de réir do bhriathair agus ná loic air,agus ar gach ócáid gheobhaidh tú a mbeidh de dhíth ort.
4 Is dóigh lena lán gur fáltas í an iasacht,agus bíonn siad ag cur as dá lucht cúnta.
5 Déanfaidh duine lámh a phógadh nó go bhfaighidh sé an ailpagus beidh sé ag caint de ghlór íseal faoi mhaoin a chomharsan;ag am an aisíoctha, déanfaidh sé moill;íocfaidh sé le focail gan aird,agus déanfaidh gearán faoin am.