15 Ná déan dearmad de chumaoin d'urra,mar thug sé a anam ar do shon.
16 Is cuma leis an bpeacach faoi chonách a urra;agus an duine míbhuíoch, déanann sé dearmad den té a d'fhuascail é.
17 Is iomaí duine acmhainneach a scriosadh trí dhul i mbannaí;chroith sé iad mar a dhéanfadh tonn farraige.
18 Chuir sé fir chumasacha ar ionnarba,agus d'fhág ar fán iad i measc ciníocha coimhthíocha.
19 An peacach a thit faoi bhannaíagus a bhíonn sa tóir ar an mbreis, beidh sé i ngreim sa dlí.
20 Tar i gcabhair ar do chomharsa de réir do chumais,agus seachain agus ná tit!
21 Tús na beatha uisce, agus bia, agus éadachagus teach mar bhrat ar an náire.