17 Is iomaí duine acmhainneach a scriosadh trí dhul i mbannaí;chroith sé iad mar a dhéanfadh tonn farraige.
18 Chuir sé fir chumasacha ar ionnarba,agus d'fhág ar fán iad i measc ciníocha coimhthíocha.
19 An peacach a thit faoi bhannaíagus a bhíonn sa tóir ar an mbreis, beidh sé i ngreim sa dlí.
20 Tar i gcabhair ar do chomharsa de réir do chumais,agus seachain agus ná tit!
21 Tús na beatha uisce, agus bia, agus éadachagus teach mar bhrat ar an náire.
22 Is fearr beatha an bhochtáin faoi dhíon a fhrathacha,ná sócamas bia i dteach duine eile.
23 Bí sásta leis an mbeagán nó leis an mórán,[agus ní bheidh masla le clos agat faoi do chuairt].