5 Déanfaidh duine lámh a phógadh nó go bhfaighidh sé an ailpagus beidh sé ag caint de ghlór íseal faoi mhaoin a chomharsan;ag am an aisíoctha, déanfaidh sé moill;íocfaidh sé le focail gan aird,agus déanfaidh gearán faoin am.
6 Má bhrúnn [an t‑iasachtóir] air, is ar éigean a gheobhaidh sé a leath ar ais,agus is geall le fáltas dar leis an méid sin.Ach mura ndéanann, fágfar in éagmais a choda é,agus beidh namhaid gnóthaithe aige in aisce;déanfaidh mo dhuine aisíoc leis le mallachtaí agus asacháin,agus in áit na hurraime, tabharfaidh sé masla dó.
7 De bharr a leithéid sin de choirpeacht, dhiúltaigh a lán iasacht a thabhairt;níl ann ach nach áil leo go meallfaí iad gan chúis.
8 Bí foighneach dá ainneoin sin le fear an ghátair,agus ná bíodh sé ag feitheamh le do dhéirc.
9 Tar i gcabhair ar an mbochtán ar son na haithne,agus ná scaoil uait folamh é agus é ar an ngannchúis.
10 Caith do chuid airgid ar do bhráthair nó ar do chara,agus ná lig do mheirg teacht air faoi chloch agus dul amú.
11 Cnuasaigh do stór de réir aitheanta an té is Airde,agus rachaidh sé chun sochair duit níos fearr ná ór.