8 Bí foighneach dá ainneoin sin le fear an ghátair,agus ná bíodh sé ag feitheamh le do dhéirc.
9 Tar i gcabhair ar an mbochtán ar son na haithne,agus ná scaoil uait folamh é agus é ar an ngannchúis.
10 Caith do chuid airgid ar do bhráthair nó ar do chara,agus ná lig do mheirg teacht air faoi chloch agus dul amú.
11 Cnuasaigh do stór de réir aitheanta an té is Airde,agus rachaidh sé chun sochair duit níos fearr ná ór.
12 Cuir déirc i dtaisce i do chiste,agus fuasclóidh sí thú as gach tubaiste.
13 Troidfidh sí in aghaidh do namhad,níos fearr ná sciath dhaingean nó sleá throm.
14 Rachaidh an fear maith i mbannaí ar a chomharsa;ach an té a chaill a náire, loicfidh sé air.