1 A leanaí, éistigí liomsa, bhur n‑athair;agus déanaigí rud orm le go mbeadh sibh slán.
2 Tugann an Tiarna onóir don athair trí bhíthin a chlainne,agus déanann sé údarás na máthar ar a cuid clainne a dhaingniú.
3 An té a mbíonn urraim aige dá athair, déanann sé leorghníomh ina pheacaí.
4 An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.
5 An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n‑ábhar áthais dó,agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.
6 An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.