12 A mhic, glac cúram d'athar ort féin i ndeireadh a shaoilagus ná cuir brón air fad is beo dó.
13 Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis;ná bíodh drochmheas agat air, toisc, tú féin a bheith i mbarr do mhaítheasa.
14 Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d'athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.
15 I lá na cúngrachta rachaidh a chuimhne chun sochair duit;leáfaidh do pheacaí dála an tseaca san aimsir bhreá.
16 An té a thréigeann a athair, ní fearr é ná diamhaslóir;agus an té a chuireann fearg ar a mháthair, tá mallacht an Tiarna air.
17 A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.
18 Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,agus beidh gnaoi an Tiarna ort.