14 Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d'athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.
15 I lá na cúngrachta rachaidh a chuimhne chun sochair duit;leáfaidh do pheacaí dála an tseaca san aimsir bhreá.
16 An té a thréigeann a athair, ní fearr é ná diamhaslóir;agus an té a chuireann fearg ar a mháthair, tá mallacht an Tiarna air.
17 A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.
18 Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,agus beidh gnaoi an Tiarna ort.
19 (Is líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.)
20 Is éachtach í cumhacht an Tiarna,agus tugann lucht na huirísle onóir dó.