18 Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,agus beidh gnaoi an Tiarna ort.
19 (Is líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.)
20 Is éachtach í cumhacht an Tiarna,agus tugann lucht na huirísle onóir dó.
21 Ná bí ag lorg eolais ar nithe atá ródheacair duit,agus ná cuir fiafraí ar nithe atá thar do chumas.
22 Déan machnamh ar na horduithe a tugadh duit,ní gá duit bheith buartha faoi na nithe atá folaithe uait.
23 Ná bí ag gabháil de nithe atá os cionn d'acmhainne,
24 Óir na nithe a taispeánadh duit cheana féin,sáraíonn siad tuiscint an duine.