21 Ná bí ag lorg eolais ar nithe atá ródheacair duit,agus ná cuir fiafraí ar nithe atá thar do chumas.
22 Déan machnamh ar na horduithe a tugadh duit,ní gá duit bheith buartha faoi na nithe atá folaithe uait.
23 Ná bí ag gabháil de nithe atá os cionn d'acmhainne,
24 Óir na nithe a taispeánadh duit cheana féin,sáraíonn siad tuiscint an duine.
25 Is iomaí duine ar chuir a bharúil féin ar seachrán é,agus ar chlaon a bhaoth-thuairimí féin a chumas breithúnais.
26 Déanfar an duine ceanndána a chiapadh ar deireadh;agus an té ar gean leis an dainséar, caillfear ann é.
27 Déanfar an duine ceanndána a bhuaireamh le triobloidí,agus déanfaidh an peacach peaca a charnadh ar pheaca.