25 Is iomaí duine ar chuir a bharúil féin ar seachrán é,agus ar chlaon a bhaoth-thuairimí féin a chumas breithúnais.
26 Déanfar an duine ceanndána a chiapadh ar deireadh;agus an té ar gean leis an dainséar, caillfear ann é.
27 Déanfar an duine ceanndána a bhuaireamh le triobloidí,agus déanfaidh an peacach peaca a charnadh ar pheaca.
28 Níl leigheas ar ghalar an uaibhrigh,mar phréamhaigh planda den olc ann.
29 Déanfaidh an duine críonna machnamh ar pharabal ina chroí,agus cluas le héisteacht is mian leis an eagnaí.
30 Múchann uisce tine loiscneach,agus déanann an déirc leorghníomh i bpeacaí.
31 An té a dhíolann an comhar, tá sé ag smaoineamh ar an lá amárach;nuair a thitfidh sé gheobhaidh sé tacaíocht.