4 An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.
5 An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n‑ábhar áthais dó,agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.
6 An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.
7 Agus déanfaidh sé seirbhís dá thuismitheoirí dála an daoir.
8 Bíodh urraim agat do d'athair ó ghníomh agus ó bhriathar,i dtreo go dtiocfaidh beannacht ort uaidh.
9 Óir daingníonn beannacht athar tithe na clainne,ach déanann mallacht máthar iad a staitheadh óna mbonn.
10 Ná bí ag maíomh as ábhar aithise do d'athair,óir ní glóir duitse aithis d'athar.