11 Éirigh chun imeacht in am, agus ná bí ar deireadh;brostaigh abhaile agus ná bí ag déanamh moille.
12 Bain spraoi as ansiúd agus déan mar is mian leat féin,ach ná peacaigh le barr díomas teanga.
13 Beannaigh ar a shon sin uile an té a rinne thú,agus a shásaíonn thú lena nithe fónta.
14 An té arb eagal leis an Tiarna, glacfaidh sé lena smacht;beidh a ghnaoi ar an muintir a bhíonn á thóraíocht le díograis.
15 An té a bhíonn ag tóraíocht an dlí, sásóidh sé é;ach beidh sé ina cheap tuisle ag an bhfimíneach.
16 An mhuintir ar a bhfuil eagla an Tiarna, beidh siad saorbhreathach,agus déanfaidh siad dea-ghníomhartha a spreagadh mar a dhéanfadh lóchrann.
17 Seachnaíonn an peacach an chasaoid,agus bíonn leithscéal aige chun déanamh mar is áil leis.