18 Ní dhéanfaidh an fear stuama neamhaird d'aon tuairim;agus ní bheidh an duine díomasach [aindiagaithe] ag cúbadh chuige le heagla.
19 Ná tabhair léim caorach i nduibheagán,agus ná bíodh mairg tar éis birt ort.
20 Ná tabhair conair phriaclach ort féin,le heagla go mbainfeadh clocha tuisle asat.
21 Ná bíodh an iomad muiníne agat ar chonair réidh.
22 Bí ag faire amach do do chlann féin.
23 Seachain thú féin i ngach beart,mar is é sin is comhlíonadh na n‑aitheanta ann.
24 An té a chuireann a mhuinín sa dlí, tugann sé aird ar na haitheanta;an té a bfuil iontaoibh aige as an Tiarna, ní bheidh thiar air.