3 Labhair, a sheanóir, óir oireann sin duit;ach déan amhlaidh le cruinneas caintegan cur isteach ar an gceol.
4 Má bhíonn siamsa ann, ná bí ag caint gan stad,agus ná bí ag saíocht in antráth.
5 Séala carmhogail ar leaba óir,is ea coirm cheoil ag fleá fíona.
6 Séala smaragaide ar leaba luachmhar óiris ea streancán ceoil le fíon fónta.
7 Labhair a ógánaigh, más gá duit,ach gan thar dhá uair, agus má chuirtear ceist chugat.
8 Labhair go cruinn agus abair mórán i mbeagán focal;bíodh gothaí an eolais ort, ach gan fonn cainte ort.
9 I measc na gceannasach, ná hiompair thú féin mar dhuine díobh;agus ná bí ag giofaireacht agus duine eile ag caint.